Caibidil 7: Pobal agus Cultúr

Dúnta28 Fea, 2022, 9:00am - 13 Aib, 2022, 11:59pm
 

Sustainable development goals (SDGs) 3,4,5,10,11
7.1  Comhthéacs 

Is iad muintir agus cultúr na Gaillimhe na buanna is mó atá ag an gcathair agus cuireann siad go smior le féiniúlacht na cathrach. Tá oidhreacht shaibhir chultúrtha agus teanga ag an gcathair chomh maith le saol cruthaitheach bríomhar a chuireann timpeallacht mhaireachtála shainiúil ar fáil do chónaitheoirí agus timpeallacht fháilteach agus inspioráideach ar fáil do chuairteoirí. Tacaíonn sé le raon éagsúil gníomhaíochtaí pobail agus cultúrtha, agus mar gheall ar ról straitéiseach na cathrach freastalaíonn go leor de na gníomhaíochtaí sin ar an réigiún níos leithne freisin. Tá bonneagar pobail agus cultúrtha ríthábhachtach do shláinte, folláine, cáilíocht na beatha agus is cuid ríthábhachtach de phobal atá bríomhar, athléimneach, agus comhtháite go sóisialta,  Tá an t-infreastruchtúr seo ríthábhachtach freisin chun tarraingteacht na cathrach a chothabháil agus a fheabhsú mar shuíomh chun infheistíocht a dhéanamh ann, deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus chun lucht saothair a bhfuil na scileanna cuí acu a mhealladh chun cónaí agus oibriú sa chathair agus iad a choinneáil.  Tá gá le tuilleadh infheistíochta i mbonneagar pobail lena chinntiú go gcuirtear na prionsabail de ‘cathair laistigh de 15 nóiméad’ i bhfeidhm maidir le háiseanna pobail agus cultúrtha.   

Aithníonn an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le hinfhaighteacht agus rochtain ar bhonneagar den sórt sin do chaighdeáin na beatha a fhaightear taithí air sa chathair agus an difríocht is féidir léi a dhéanamh do shaol na ndaoine. Aithnítear go háirithe, d’fhonn comharsanachtaí inbhuanaithe a thógáil, go bhfuil gá le tacaíocht a thabhairt dóibh le raon áiseanna pobail atá inrochtana agus sách solúbtha chun iad a oiriúnú agus freastal ar na riachtanais athraitheacha sa tsochaí. Tacaíonn an Plean Forbartha leis an gcur chuige seo trí bheartais agus cuspóirí soiléire a leagan amach chun ailíniú na n-áiseanna sóisialta agus pobail a chinntiú le pobail reatha agus le pobail nua.  Tugtar tacaíocht d’fhorbairt bonneagair, seirbhísí agus áiseanna pobail agus cultúrtha trí bheartas pleanála náisiúnta agus réigiúnach leis an gCreat Náisiúnta Pleanála (NPF) agus an Straitéis Réigiúnach Eacnamaíoch agus Spásúlachta (RSES). Aithnítear sa NPF go bhfuil suíomh agus áit ina phríomh-rannpháirtithe a mbíonn tionchar acu ar chaighdeán na beatha. Aithnítear sa RSES caighdeán na beatha agus réigiún cuimsitheach mar cheann dá chúig uaillmhian fháis. Díríonn cuspóirí beartais eile sa RSES ar phobail shláintiúla a chruthú, caighdeán na beatha, cuimsiú sóisialta, cur chun cinn na Gaeilge agus soláthar áiseanna agus seirbhísí pobail, aoisbháúil, cúram leanaí agus oideachas.   

Is cur chuige comhpháirtíochta é an Plean Áitiúil Pobail agus Eacnamaíoch (LECP) chun fís shóisialta agus eacnamaíoch a sholáthar don chathair. Tógann sé ar naisc idir na beartais úsáide talún sa Phlean Forbartha agus forbairt eacnamaíoch agus pobail áitiúil agus cuireann an dá phlean le chéile creat straitéiseach ar fáil chun riachtanais eacnamaíocha agus pobail na cathrach a chomhtháthú. Ullmhaíodh Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail Chathair na Gaillimhe don tréimhse 2015-2021 agus tá sé á athbhreithniú faoi láthair chun pleanáil a dhéanamh don chéad tréimhse eile.  

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 7 PDF