Caibidil 2: Gníomhú ar son na hAeráide

Dúnta28 Fea, 2022, 9:00am - 13 Aib, 2022, 11:59pm
Hide Hide keyboard_arrow_rig
 

Sustainable Development Goals (SDGs) 11,13,7

2.1 Comhthéacs 

Is é an t-athrú aeráide an dúshlán is suntasaí i saol an lae inniu ann. Féadtar an chúis a chur i leith fáis i dtiúchan na ngás ceaptha teasa (GHGanna) in atmaisféar an domhain mar thoradh ar ghníomhaíocht dhaonna. Tá an éifeacht de seo mar chúis le méadú ar mheánteochtaí domhanda an aeir agus na farraige, leá forleathan sneachta agus oighir, leibhéil na mara atá ag ardú agus le méadú ar mhinicíocht, déine agus fad na n-imeachtaí adhaimsire. Ní bhraithfear ar an gcaoi chéanna an tionchar a bheidh ag athrú aeráide agus is dóigh go mbeidh a éifeacht dhíréireach ar phobail imeallaithe nach bhfuil na hacmhainní acu oiriúnú do thionchar an athraithe aeráide nó é a mhaolú. Beidh tionchar aige seo, i dteannta leis an bpróiseas dícharbónaithe, ar shlí bheatha agus earnálacha áirithe agus beidh an baol ann go mbeidh éagothroime níos measa ann dá bharr. Tá coincheap an cheartais aeráide fite fuaite sa bheartas aeráide náisiúnta agus idirnáisiúnta agus sainmhínítear é mar ‘cearta na ndaoine is leochailí a chosaint agus na hualaí agus na tairbhí a eascraíonn as athrú aeráide agus a thionchair a roinnt ar bhealach cóir, cothrom’. D’fhonn aistriú domhanda cóir a éascú, beidh ar Éirinn, agus ar náisiúin fhorbartha eile, dícharbónú go háitiúil agus tacú le gníomhaíocht aeráide i dtíortha i mbéal forbartha.  

In anailís ar shonraí breathnóireachta, taispeántar go bhfuil aeráid na hÉireann ag athrú, ar scála agus ar ráta atá comhsheasmhach le treochtaí réigiúnacha agus domhanda lena n-áirítear méadú ar imeachtaí agus teochtaí adhaimsire le linn gach séasúir. Meastar go leanfaidh na hathruithe seo ar aghaidh agus go méadóidh siad, agus go mbeidh iarmhairtí leathana do gach gné de shaol na hÉireann. D’fhonn dul i ngleic leis an athrú aeráide, is gá beart a ghlacadh anois chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, oiriúnú do dhálaí aeráide athraitheacha agus aistriú go geilleagar ísealcharbóin agus sochaí atá seasmhach ó thaobh na haeráide de. 

In 2019 ba í Éire an dara tír ar domhan chun éigeandáil aeráide agus bithéagsúlachta a dhearbhú. Ó shin i leith tugadh isteach reachtaíocht trínar thug Éire gealltanas a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi thráth nach déanaí ná 2050 i gcomhréir le tiomantais idirnáisiúnta.  Is sprioc é seo atá ceangailteach ó thaobh dlí don tír anois agus tá sé ag teacht le beartas an Aontais Eorpaigh maidir le gníomhú ar son na haeráide. D’fhonn na spriocanna uaillmhianacha seo a bhaint amach, chuir an rialtas in iúl go mbeidh gá le cur chuige trasearnála chomh maith le tacaíocht agus comhoibriú ó raon leathan de pháirtithe leasmhara. 

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 2 PDF