Cuid A - Beartais agus Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún

Dúnta28 Fea, 2022, 9:00am - 13 Aib, 2022, 11:59pm
 

Cuid A - Beartais agus Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún 

11.2  Criosú Úsáid Talún Ginearálta 

Leagann an Plean Forbartha amach na cuspóirí criosaithe talamhúsáide do cheantair éagsúla laistigh den chathair agus léiríonn sé samplaí d’úsáidí a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh bheith inghlactha laistigh de gach crios úsáide. Féachann an criosú le forbairt úsáidí a chur chun cinn, ar úsáidí iad a bhaineann amach na cuspóirí don limistéar i gceist, agus le forbairt na n-úsáidí neamh-chomhoiriúnacha a chosc. Tá aon chriosú úsáide talún déag úsáidte sa Phlean chun cuspóirí éagsúla na gceantar seo a chur in iúl (Tábla 11.1). 

Tábla 11.1 - Criosanna Úsáide Talún agus Cuspóirí Criosaithe 

CF

Soláthar a dhéanamh d’fhorbairt inbhuanaithe úsáidí pobail, cultúrtha agus institiúideacha agus forbairt bonneagair ar mhaithe le saoránaigh na cathrach agus é a éascú. 

RA

Soláthar a dhéanamh d’úsáidí áineasa, spás oscailte, úsáidí taitneamhachta, oidhreacht nádúrtha agus bithéagsúlacht agus iad a chosaint. 

A

Soláthar a dhéanamh d’fhorbairt na talmhaíochta agus chun carachtar na tuaithe a chosaint. 

G

Soláthar a dhéanamh d’fhorbairt na talmhaíochta agus limistéir a bhfuil tábhacht radhairc ag baint leo agus/nó limistéir ardtaitneamhachta a chosaint. 

I

Soláthar a dhéanamh d’fhiontar, tionscal agus úsáidí gaolmhara. 

CI

Soláthar a dhéanamh d’úsáidí fiontair, do thionscal éadrom agus tráchtála seachas iad siúd atá in áirithe don chrios CC. 

CC

Soláthar a dhéanamh do ghníomhaíochtaí lár na cathrach agus go háirithe iad siúd a chaomhnaíonn lár na cathrach mar phríomhlimistéar tráchtála na cathrach. 

R

Soláthar a dhéanamh d’fhorbairt chónaithe agus d’fhorbairt tacaíochta gaolmhar, a chinnteoidh go gcosnófar an taitneamhacht chónaithe atá ann cheana agus a chuirfidh le comharsanachtaí cónaithe inbhuanaithe. 

LDR

Soláthar a dhéanamh d’fhorbairt cónaithe ísealdlúis a chinnteoidh go gcosnófar taitneamhacht chónaithe agus íogaireachtaí comhshaoil. 

LAP

Plean Ceantair Áitiúil do Mhuirbheach. 

UVC

Soláthar a dhéanamh do mheascán úsáidí d’úsáid chónaithe den chuid is mó, go háirithe iad siúd a thacóidh le lárionad sráidbhaile uirbeach a thacaíonn le daoine agus gnó agus a chuideoidh le foirm uirbeach inbhuanaithe ardchaighdeáin a bhunú.  
Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 11 PDF