Cuid B - Caighdeáin Forbartha

Dúnta28 Fea, 2022, 9:00am - 13 Aib, 2022, 11:59pm
 

Cuid B - Caighdeáin Forbartha 

Caighdeáin agus Treoirlínte Ginearálta Forbartha

11.3 Forbairt Chónaithe 

Agus tograí forbartha cónaithe á mbreithniú, tabharfaidh an Chomhairle aird ar raon leathan saincheisteanna, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:  

  1. Cáilíocht dearaidh (dearadh uirbeach, ailtireacht, tírdhreach, bithéagsúlacht, DMURS, SUDS)
  2. Gnéithe agus comhthéacs an tsuímh
  3. Dlús Cónaithe
  4. Airde an fhoirgnimh
  5. Meascán cónaithe (cineál cónaithe, méid, tionacht, agus sainthithíocht)
  6. Áiseanna comharsanachta atá ann cheana agus an gá atá le háiseanna breise
  7. Comhtháthú leis an timpeallacht máguaird i dtéarmaí foirm thógtha agus soláthar tréscaoilteachta siúlóide / rothaíochta
  8. Éileoidh riachtanais bhonneagair maidir le huisce go soláthróidh an forbróir fianaise ar chomhairliúchán le hUisce Éireann roimh iarratas a dhéanamh ar chead pleanála lena chinntiú go mbeidh seirbhísí uisce dóthanacha ar fáil chun an fhorbairt a sheirbhísiú agus nach mbeidh tionchar diúltach ar sheirbhísí uisce reatha.

Beidh aird ag an gComhairle ar mholtaí na dTreoirlínte um Fhorbairt Chónaithe Inbhuanaithe i gCeantair Uirbeacha d’Údaráis Phleanála (DECLG, 2009), Lámhleabhar um Dea-Chleachtas Dearaidh Uirbigh is Fearr (DECLG, 2009), Treoirlínte um Fhorbairt Uirbeach agus Airde Foirgnimh (2018), Lámhleabhar Dearaidh do Bhóithre agus Sráideanna Uirbeacha (DMURS)(2019), Tréscaoilteacht an NTA i Limistéir Uirbeacha Reatha, Treoir Dea-Chleachtais (2015) agus tabharfar aird freisin ar Phrionsabail agus ar Threoirlínte um Aoisbhá don Údarás Pleanála (Éire Aoisbháúil, Márta 2021), agus Foirgnimh do Chách: Cur Chuige um Dhearadh Uilíoch (An tÚdarás Náisiúnta Míchumais 2012). 

Go sonrach, déanfar athbhreithniú ar fhorbairtí Árasán ag féachaint don mhéid thuas agus freisin do threoir an Rialtais, Tithíocht Uirbeach Inbhuanaithe: Caighdeáin Dearaidh d’Árasáin Nua (2020), a sholáthraíonn an treoir chainníochtúil reatha maidir le dearadh árasáin chun a chinntiú go bhfuil cosaintí cáilíochta dearaidh i bhfeidhm chun forbairt timpeallachtaí maireachtála ar dhroch-chaighdeán a sheachaint.  
Le haghaidh faisnéise breise maidir le Forbairtí Cónaithe, féach Caibidil 3: Tithíocht agus Comharsanachtaí, Caibidil 5: Oidhreacht Nádúrtha, Áineas agus Taitneamhacht, Caibidil 7 Pobal agus Cultúr agus Caibidil 10: Dlúthfhás agus Athghiniúint. 

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 11 - Cuid B PDF