Caibidil 11: Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún agus Caighdeáin agus Treoirlínte Forbartha

Dúnta28 Fea, 2022, 9:00am - 13 Aib, 2022, 11:59pm
 

11.1  Réamhrá 

Ceanglaítear ar an gComhairle forbairt a bhainistiú lena chinntiú go bhfuil ceadanna a dheonaítear faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) comhsheasmhach le beartais agus cuspóirí an Phlean Forbartha. Baineann an chuid seo den phlean leis na caighdeáin agus na treoirlínte a chuirfear i bhfeidhm maidir le tograí forbartha. Soláthrófar do chur chun feidhme solúbtha caighdeán agus treoirlínte, i gcúinsí áirithe, nuair atá forbairt beartaithe a bheadh i gcomhréir ar shlí eile le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair agus i gcás go mbainfear amach ardchaighdeán dearaidh uirbigh. An aidhm atá le bainistíocht forbartha ná baint amach bheartais agus chuspóirí an phlean agus tacú leis an dearadh maith, seachas cur i bhfeidhm meicniúil na gcaighdeán forbartha. 

D’fhéadfaí nithe seachas na forálacha sonracha sa Phlean Forbartha a chur san áireamh ag plé le hiarratais ar chead forbartha, nó i bhforfheidhmiú in aghaidh forbairt neamhúdaraithe. Cé gurb iad forálacha an phlean an bonn is mó don mheasúnú ar thograí forbartha, ní leor comhlíonadh na gcaighdeán agus na dtreoirlínte sa phlean ann féin ionas go measfar togra forbartha a bheith inghlactha go huile agus go hiomlán. 

Tá go leor úsáidí bunaithe go dlíthiúil in áiteanna nach mbeadh ag luí leis an sprioc chriosaithe thalamhúsáide ainmnithe atá leagtha amach sa phlean. Is féidir síntí nó feabhsuithe ar áitribh na n-úsáidí neamhchomhréireacha a cheadú, i gcás nach mbeadh an fhorbairt bheartaithe dochrach d’fhóntais an cheantair, agus nach ndéanfaí dochar do phleanáil chuí agus d’fhorbairt inbhuanaithe an cheantair. 

Tá go leor limistéar spáis oscailte laistigh de limistéir chónaithe nach bhfuil criosaithe go sonrach mar spás oscailte poiblí agus féadfar iad a chriosú R le haghaidh úsáide cónaithe. Beag beann ar chriosú, beidh toimhde in aghaidh forbartha ar gach spás oscailte in eastáit chónaithe mura ndéantar tagairt shonrach dó sa chead pleanála le haghaidh forbartha. Cosnófar na tailte sin chun críocha áineasa, spáis oscailte agus taitneamhachta. 

Cuid A - Beartais agus Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún 

Cuid B Caighdeáin Forbartha