Caibidil 3: Tithíocht agus Comharsanacht aí Inbhuanaithe

Dúnta28 Fea, 2022, 9:00am - 13 Aib, 2022, 11:59pm
 

SDGs 3,11,13,7
3.1 Comhthéacs 

Tá infhaighteacht tithíochta inacmhainne ar ardchaighdeán ar bhealach atá cuimsitheach go sóisialta agus a thacaíonn le dea-chomhfhorbairt áite riachtanach chun freastal ar riachtanais chathrach atá ag fás.  Sa Phlean Forbartha, cuirtear an creat ar fáil do thithíocht atá comhtháite le bonneagar iompair agus nasctha le deiseanna fostaíochta. Cinntítear go dtacaíonn creat beartais le comhordú na tithíochta le seirbhísí riachtanacha, taitneamhachtaí agus áiseanna pobail. Léiríonn an cur chuige seo beartas náisiúnta agus réigiúnach a thacaíonn le maireachtáil níos mó sa chathair, fás dlúth agus pobail bheoga agus shláintiúla. Tacaíonn sé le lorg carbóin na cathrach a laghdú trí spleáchas ar charranna agus an gá le taisteal a laghdú. Tugann an plean níos mó cinnteachta do chinntí infheistíochta ón earnáil phríobháideach agus phoiblí araon. Áirítear le sprioc straitéiseach an phlean cuimsiú sóisialta a éascú i dtithíocht agus rochtain do chách ar an timpeallacht níos leithne mar chuid de chathair chomhionann agus chuimsitheach. Léirítear an sprioc seo sna beartais a thacaíonn le tithíocht agus comharsanachtaí inbhuanaithe. 

Mar atá leagtha amach sa Chroí-Straitéis, tá straitéis lonnaíochta na cathrach dírithe ar athghiniúint na láithreán athfhorbraíochta agus tearcúsáidte a bhfuil scóip acu le haghaidh méid suntasach forbartha cónaithe agus forbairt de láithreáin aitheanta d’fhorbairt chónaithe mar gheall ar a suíomh barrmhaith, gar do sheirbhísí reatha agus do líonraí iompair phoiblí, rothair agus choisithe. Áirítear ann limistéar PCÁ na nArdán, Mórshuíomh Seachadta Tithíochta Uirbeach (MUHDS) atá sainithe go náisiúnta, lena n-áirítear comhdhlúthú laistigh de na ceantair tithíochta bruachbhailte atá ann cheana féin, lonnaithe go príomha i mBaile na mBúrcach, i Ráthún, sa Chaisleán Gearr agus i nDabhach Uisce.

Tá Straitéis Tithíochta lena n-áirítear Measúnú ar Éileamh Riachtanas Tithíochta (HNDA) ullmhaithe mar chuid den phlean seo (féach doiciméid tacaíochta). Rinneadh athbhreithniú ar threochtaí i soláthar agus éileamh sa chathair agus leagtar amach na riachtanais tithíochta réamh-mheasta thar thréimhse an phlean. Rinneadh athbhreithniú freisin ar an ngá atá le sainroghanna tithíochta.

Beartas náisiúnta ar thithíocht, Tithíocht do Chách - Plean Nua Tithíochta d’Éirinn leagtar amach ann treochlár do sholáthar tithíochta don 10 mbliana atá romhainn. Tá sé mar sprioc aige 33,000 teach a sholáthar go náisiúnta in aghaidh na bliana arna miondealú go tithíocht úinéara/cíosa na hearnála príobháidí, tithíocht shóisialta, tithíocht inacmhainne agus tithíocht ar cíos costais.  Beidh na hÚdaráis Áitiúla, an Ghníomhaireacht Forbartha Talún (LDA) agus na Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe (AHBanna) ina n-imreoirí móra i seachadadh tithíochta nua. Is príomhbhearta freisin iad athúsáid stoc tithíochta folmha agus uasghrádú agus iarfheistiú an stoic atá ann faoi láthair a chomhlíonann cuspóirí gníomhaíochta aeráide chomh maith leis an éileamh ar thithíocht.
 

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 3 PDF