Caibidil 4: Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus Iompar

Dúnta28 Fea, 2022, 9:00am - 13 Aib, 2022, 11:59pm
Hide Hide
 

Sustainable Development Goals (SDGs) 3,11,13,15
4.1 Comhthéacs 

Tá méadú ag teacht ar éilimh thaistil i gCathair na Gaillimhe ar aon dul le fás an daonra agus leanfaidh siad ag déanamh amhlaidh thar shaolré an Phlean seo. Beidh gá le feabhsúcháin ar an líonra iompair má tá Gaillimh chun bheith ina cathair inbhuanaithe, dhlúth agus nasctha de réir threoir beartais náisiúnta agus réigiúnaigh. Ar leibhéal réigiúnach, is í Gaillimh an t-aon chathair scála aitheanta i Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair agus is í príomhspreagthóir an gheilleagair don réigiún freisin. Tá líonra iompair na cathrach ríthábhachtach maidir le freastal ar an nascacht idir-uirbeach agus idir-réigiúnach dá dhobharcheantar leathan. Tacaíonn an líonra freisin le líon ard comaitéirí isteach sa chathair ar mheán lae i rith na seachtaine ina bhfuil os cionn 30,000 feithicil (15,000 i ngach treo) ag teacht isteach agus ag fágáil na cathrach. I bhfianaise an méid tráchta seo agus an fás breise a bhfuiltear ag súil leis, a bhuanóidh na patrúin neamh-inbhuanaithe atá ann faoi láthair mura ndéantar aon idirghabháil, tá práinn ann athmhachnamh a dhéanamh ar an mbealach a mbogaimid chun cabhrú le plódú sa chathair agus timpeall uirthi agus chun leibhéil astaíochtaí carbóin a laghdú.   

Is í Straitéis Iompair na Gaillimhe (GTS) an plean iompair a bhfuil sé mar aidhm aici cur chuige níos inbhuanaithe a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais iompair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus a thacaíonn le fás na cathrach sa todhchaí. Tacaíonn an cur chuige beartais sa phlean seo leis na bearta sa GTS agus áirítear leis naisc a neartú idir úsáid talún agus pleanáil iompair. Díríonn sé freisin ar spleáchas ar charranna a laghdú agus tacaíonn sé le haistriú i dtreo úsáid mhéadaithe a bhaint as modhanna gníomhacha níos inbhuanaithe agus as iompar poiblí. Éileoidh sé seo infheistíocht  saoráidí siúlóide agus rothaíochta, córas iompair phoiblí feabhsaithe a bheidh níos inrochtana le tacaíocht ó bhonneagar astaíochtaí ísle, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin iompair sa chathair agus de réir bheartais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Cuirfear áiseanna feabhsaithe siúlóide agus rothaíochta chun cinn trí thréscaoilteacht níos fearr agus trí ghréasáin mhéadaithe, rud a fhágann go mbeidh na modhanna taistil seo níos tarraingtí, níos inrochtana, níos sábháilte agus níos sláintiúla. Beidh acmhainneacht shuntasach ag aistriú go húsáid na modhanna gníomhacha seo agus iompar poiblí freisin maidir le feabhas a chur ar chaighdeán an aeir, ar an timpeallacht uirbeach, ar fheidhmíocht eacnamaíoch na cathrach agus ar chaighdeán maireachtála iomlán na cathrach.  

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 4 PDF