Aguisín 2: Ráiteas faoi Chomhlíonadh Threoirlínte an Aire

Dúnta28 Fea, 2022, 9:00am - 13 Aib, 2022, 11:59pm
 

 

 

Faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) ceanglaítear ar an gComhairle ráiteas a chur mar iarscríbhinn leis an bPlean Forbartha a chuirfidh san áireamh eolas a léireoidh:

a)    Cén chaoi a bhfuil beartais agus cuspóirí de chuid an Aire curtha i bhfeidhm ag an ÚdarásPleanála tráth a raibh a n-iarratas ar limistéar, nó cuid de limistéar an Phlean Forbartha á mheas. Is ceanglas reachtúil é ráiteas den sórt sin a chur i gceangal le plean forbartha faoi alt 28(1A) den Acht.

b)    Mar mhalairt air sin, i gcás go bhfuil an tÚdarás Pleanála den tuairim nach bhfuil sé indéanta, mar gheall ar chineál agus tréithe limistéar nó cuid de limistéar an Phlean Forbartha, beartais agus cuspóirí áirithe i dTreoirlínte an Aire a chur i bhfeidhm, tráth a raibh an t-iarratas ar na beartais sin á meas i limistéar nó i gcuid de limistéar an Dréachtphlean Forbartha nó an Phlean Forbartha, cuirfidh an tÚdarás bunús leis an tuairim sin ar fáil chomh maith leis an gcúis nár cuireadh na beartais agus na cuspóirí sin ó Aire i bhfeidhm.

Tá an ráiteas riachtanach maidir le Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 leagtha amach thíos. 

 

Treoirlínte Alt 28 

 

Dréachtphlean Forbartha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2023-2029 

Treoirlínte Alt 28

Dréachtphlean Forbartha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2023-2029

A Guide of Planning Enforcement in Ireland (2012)

Treoirlínte d’údaráis phleanála maidir leis an gcóras forfheidhmithe pleanála. Ní bhaineann na treoirlínte seo le hullmhú an Phlean Forbartha ach baineann siad le forfheidhmiú pleanála.

Appropriate Assessment of Plans and Projects in Ireland – Guidance for Planning Authorities (2009)

Tugadh aird ar an gcáipéis Treorach seo agus an Plean á ullmhú. Tá scrúdú iomlán déanta ar an tionchar dóchúil ar shláine láithreán Eorpach a d’fhéadfadh eascairt as bearta atá molta sa Phlean tríd an bpróiseas AA. Comhtháthaíodh bearta maolaithe láidre agus éifeachtacha sa phlean chun a chinntiú nach mbeidh tionchar díobhálach suntasach aige ar shláine láithreán Eorpach ina aonar nó i gcomhcheangal le pleananna agus tionscadail eile. Beidh Measúnú Tionchair Natura ag gabháil leis an bPlean seo in Imleabhar 3.

Architectural Heritage Protection Guidelines for Planning Authorities (2004 and Revised 2011)

I gCaibidil 8, Oidhreacht Thógtha, Comhfhorbairt Áite agus Dearadh Uirbeach, leagtar amach bearta chun oidhreacht ailtireachta na cathrach a chosaint agus cuirtear na treoirlínte seo san áireamh.

Architectural Heritage Protection for Places of Public Worship Imlitir 7/03

I gCaibidil 8, Oidhreacht Thógtha, Comhfhorbairt Áite agus Dearadh Uirbeach, leagtar amach beartas na Comhairle maidir le hoidhreacht ailtireachta na Cathrach a chosaint.

Best Practice Urban Design Manual (2009) Codanna 1 & 2

I gCaibidil 4, Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus Iompar agus i gCaibidil 11, Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún agus Caighdeáin agus Treoirlínte Forbartha, tugtar aghaidh ar shaincheisteanna dearaidh uirbigh agus ar chaighdeáin mhionsonraithe le haghaidh forbartha.

Childcare Facilities Guidelines le haghaidh Údaráis Phleanála DOELG (2001) agus Ciorclán an Aire (PL 3/2016 An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil)

I gCaibidil 7, Pobal agus Cultúr, leagtar amach beartais na Comhairle maidir le háiseanna cúram leanaí agus cuirtear na treoirlínte seo san áireamh. Tá sainchaighdeáin bhainistíochta forbartha le haghaidh áiseanna cúram leanaí leagtha amach i gCaibidil 11 (b), Cuid 11.13.

Lámhleabhar Dearaidh do Bhóithre agus Sráideanna Uirbeacha (DMURS), (2013 agus arna nuashonrú in 2019)

Caibidil 4, Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus Iompar Caibidil agus Caibidil 11(b): Caighdeáin agus Treoirlínte Forbartha.

Caighdeáin Dearaidh d’Árasáin Nua (2007), (2015) agus arna nuashonrú in

2020)

I gCaibidil 3, Tithíocht agus Comharsanachtaí Inbhuanaithe, leagtar amach beartais na Comhairle ar árasáin agus i gCaibidil 11, Alt 11.3 Forbairt Chónaithe, cuirtear na caighdeáin seo san áireamh.

Ranníocaíochtaí Forbartha: Treoirlínte d’Údaráis Phleanála DECLG (2013)

Ullmhaíodh Scéim Ranníocaíochta Forbartha nua agus tháinig sí i bhfeidhm an 1 Bealtaine, 2021 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2026, mura nglacfar le scéim nua roimh ré. (Féadfar é seo a shíneadh tar éis 31 Nollaig 2026). Cloíonn an Scéim Ranníocaíochta seo leis na treoirlínte seo.

Development Management Planning Guidelines for Planning Authorities DEHLG (2007)

Déanfar iarratais bhainistíochta forbartha a mheas agus a chinneadh faoi bheartais, cuspóirí agus caighdeáin forbartha an Phlean Forbartha agus cloífear leis na treoirlínte seo agus iarratais á meas.

Treoirlínte Plean Forbartha (2007) agus Dréacht-Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2021) & Imlitir NRUP 04/2021 ar na Dréacht-Treoirlínte

Ullmhaíodh an Dréachtphlean Forbartha seo de réir Ailt 11 agus 12 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus de réir Threoirlínte an Phlean Forbartha agus tugadh aird ar na Dréacht- Treoirlínte ann.

Draft Guidance for Planning Authorities on Drainage and Reclamation of Wetlands (2011)

Cuirtear treoir ar fáil maidir le cinneadh a dhéanamh an bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar an gcomhshaol draenáil agus míntíriú bogaigh, ainneoin iad a bheith faoi bhun na tairsí le haghaidh ceada nó EIA éigeantach, agus dá bhrí sin bheadh iarratas pleanála agus/nó EIA ag teastáil. Níl baint ag na Treoirlínte seo le próiseas ullmhúcháin an Phlean Forbartha.

Treoirlínte Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte d'Údaráis Phleanála (2009)

Leagtar amach i gCaibidil 2, Gníomhú ar son na hAeráide agus Caibidil 9, Comhshaol agus Bonneagar na beartais maidir le Tuilte agus Aistriú chuig Geilleagar Ísealcharbóin.

Treoir um Aonach Siamsaíochta

Baineann na Treoirlínte seo le ceadúnú agus riachtanais le haghaidh aonach siamsaíochta agus mar sin níl siad ábhartha do phróiseas ullmhúcháin an Phlean Forbartha.

Ráiteas Beartais an Rialtais ar Tharchur agus Bonneagar Fuinnimh Eile

I gCaibidil 9, Comhshaol agus Bonneagar leagtar amach na beartais maidir le fuinneamh agus an bonneagar gaolmhar

Nóta Treorach ar Chroístraitéisí (2010)

Baineann na Treoirlínte seo d’Údaráis Phleanála le réasúnaíocht fhianaise-bhunaithe agus le hábhar na Croístraitéisí. I gCaibidil 1, tugtar achoimre ar Croí- Straitéis an Phlean seo agus soláthraítear cur síos ardleibhéil ar na príomhstaitisticí agus ar na príomhthosaíochtaí atá mar bhonn agus thaca ag an bPlean agus cuireann sé in iúl straitéis chainníochtúil mheántéarmach agus fhadtéarmach d'fhorbairt spásúlachta na cathrach.

Treoirlínte d’Údaráis Phleanála & don Bhord Pleanála maidir le Measúnachtaí Tionchair Timpeallachta (2018)

Treoirlínte d’Údaráis Phleanála agus don Bhord Pleanála ar shaincheisteanna nós imeachta agus teicniúla a eascraíonn as an gceanglas measúnú tionchair timpeallachta (MTT) a dhéanamh. Níl baint ag na treoirlínte seo le hullmhú an Phlean Forbartha ach le bainistíocht forbartha agus measúnú ar thionscadail.

Imlitir Tithíochta 28/2021: Acht um Thithíocht Inacmhainne 2021 — Leasuithe ar Chuid V

Sa Chiorclán seo, tugtar comhairle ar na leasuithe ar Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt atá i gCuid 6 den Acht um Thithíocht Inacmhainne 2021 Rachaidh an tÚdarás Pleanála ar aghaidh le cur chun feidhme na leasuithe ar Chuid V maidir le hiarratais ar chead pleanála d’fhorbairtí tithíochta.

Roghanna Tithíochta dár nDaonra atá ag Dul in Aois: Ráiteas Beartais DPGLG agus DoH (2019)

Tá tagairt déanta do na treoirlínte seo i gCaibidil 3 Tithíocht agus Comharsanachtaí Inbhuanaithe agus i gCaibidil 11 (b) Caighdeáin agus Treoirlínte.

Modheolaíocht Sprioc Soláthair Tithíochta um Phleanáil Forbartha DHLGH (2020)

Cuireadh an mhodheolaíocht i bhfeidhm ar réamhaisnéisí tithíochta i dtréimhse an Phlean mar atá leagtha amach i gCaibidil 2, Croí-Straitéis agus Caibidil 3, Tithíocht agus Comharsanachtaí Inbhuanaithe agus sa Straitéis Tithíochta agus sa Mheasúnú ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta.

Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha a Chur chun Feidhme - Treoirlínte Dea- Chleachtais (2010)

Croí-Straitéis an Dréachtphlean seo agus tá sí ag teacht le Straitéis Spásúlachta agus Eacnamaíoch Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair (RSES) 2020 - 2032.

Cód Cleachtais Nua an EPA do Chórais Chóireála Fuíolluisce Tí (Coibhéis Daonra ≤ 10) DHLGH (2021) & Ciorclán NRUP 01/2021 Maidir le: Cód Cleachtais Nuashonraithe.

Tagairt shonrach Cód Cleachtais an EPA ar Chórais Chóireála agus Diúscartha Fuíolluisce a fhreastalaíonn ar Thithe Aonair (2021) i gCaibidil 11(b) Caighdeáin agus Treoirlínte i gCuid 11.12 Limistéir Thalmhaíochta.

Treoirlínte Eatramhacha d’Údaráis Phleanála ar Phleananna Reachtúla, ar Fhuinneamh In-athnuaite agus ar Athrú Aeráide DHPCLG (2017)

I gCaibidil 2, Gníomhú ar son na hAeráide agus Caibidil 9, Comhshaol agus Bonneagar pléitear na téamaí um thuilte agus aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin.

Tírdhreach agus Treoirlínte Measúnaithe Tírdhreacha

I gCaibidil 5, Oidhreacht Nádúrtha, Bithéagsúlacht, Áineas agus Taitneamhacht, tugtar aghaidh ar shaincheisteanna tírdhreacha agus ar ghnéithe de thírdhreach na cathrach.

Lámhleabhar do Phleananna Ceantar Áitiúil agus d’Údaráis Phleanála (2013)

Cloífear leis na Treoirlínte seo agus Pleananna Ceantair Áitiúil á n-ullmhú laistigh de chreat straitéiseach an Phlean Forbartha seo.

Criosanna Dícharbónaithe na nÚdarás Áitiúil (DZanna) DHLGH- Ciorclán LGSM01-2021

Caibidil 2, Gníomhú ar son na hAeráide

Cuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, Soláthar Tithíochta, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2000)

I gCaibidil 3, Tithíocht agus Comharsanachtaí Inbhuanaithe, cuirtear na treoirlínte seo san áireamh. Tá sonraí maidir le Straitéis Tithíochta na Comhairle san áireamh sna doiciméid tacaíochta.

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2010 (Ciorclán PPL 1/2010)

Leasaíodh roinnt ranna éagsúla den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 , tugadh isteach an ceanglas maidir le croístraitéisí atá bunaithe ar fhianaise do Phleananna Forbartha agus soiléiríodh sa reachtaíocht phleanála an dualgas atá ar údaráis phleanála faoin Treoir maidir le hÉin agus Gnáthóga. Cloíonn an Plean Forbartha leis an reachtaíocht seo.

Soláthar scoileanna agus an córas pleanála – Cód Cleachtais d’Údaráis Phleanála (2008)

I gCaibidil 7, Pobal agus Cultúr, leagtar amach beartais na Comhairle maidir le scoileanna agus cuirtear na treoirlínte seo san áireamh.

Cairéil agus Gníomhaíochtaí Coimhdeacha Treoirlínte d'Údaráis Phleanála (2004)

I gCaibidil 11, Cuid 11.28 Tionscail/Cairéil Eastóscacha, tugtar aghaidh ar chairéil agus gníomhaíochtaí coimhdeacha agus déanann siad tagairt shonrach do na treoirlínte seo.

Treoirlínte Pleanála Miondíola agus Lámhleabhar Dearaidh Miondíola (2012)

I gCaibidil 6, Geilleagar, Fiontar agus Miondíol, leagtar amach beartais na Comhairle ar mhiondíol agus cuirtear na treoirlínte seo san áireamh.

Ullmhóidh Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe Comhstraitéis Miondíola de réir na dTreoirlínte Pleanála Miondíola le linn thréimhse an Phlean seo. I gCaibidil 11(b), leagtar amach caighdeáin agus treoirlínte forbartha miondíola agus tráchtála de réir an Lámhleabhar Dearaidh seo.

Infheistíocht Institiúideach Tráchtála i dTithíocht a Rialáil - Treoirlínte d'Údaráis Phleanála DHLGH (2021)

Tabharfar aird sa Straitéis Tithíochta agus cuirfear i bhfeidhm í i mbainistíocht forbartha trí úsáid a bhaint as coinníollacha.

Beartais Tithíochta Tuaithe agus Critéir um Riachtanas Áitiúil i gCiorclán an Phlean Forbartha SP/5/08

I gCaibidil 5, Oidhreacht Nádúrtha, Bithéagsúlacht, Áineas agus Taitneamhacht, Cuid 5.7.2 Tailte Talmhaíochta agus i gCaibidil 11 (b), Alt 11.12 Limistéir Thalmhaíochta, tugtar aghaidh ar fhorbairt chónaithe ar thailte talmhaíochta criosaithe A sa chathair.

Alt 261A den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 -Treoirlínte (Eanáir 2012) agus Alt 261A den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 Treoirlínte Forlíontacha (Iúil 2012)

Tagraíonn na treoirlínte seo d'fhorálacha reachtúla maidir le cairéil agus níl siad ábhartha maidir le hullmhú an Phlean Forbartha. I gCaibidil 11, Cuid 11.28 Tionscail/Cairéil Eastóscacha, tugtar aghaidh ar chairéil agus gníomhaíochtaí coimhdeacha agus déanann siad tagairt shonrach do na treoirlínte seo.

Pleanáil Spásúlachta agus Bóithre Náisiúnta Treoirlínte d'Údaráis Phleanála RCPRÁ (2012)

I gCaibidil 4, Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus Iompar, leagtar amach beartais na Comhairle maidir leis an ngréasán bóithre náisiúnta.

Treoir maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA): Treoirlínte d'Údaráis Réigiúnacha agus Údaráis Phleanála DEHLG (2004)

Is éard atá i Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MSC) ná an próiseas trína gceanglaítear breithnithe comhshaoil a chomhtháthú go hiomlán in ullmhú agus glacadh pleananna agus clár. Rinneadh torthaí an phróisis SEA a mheas go hiomlán agus iad a chomhtháthú in ullmhú agus i ndéanamh an Phlean Forbartha Cathrach agus leagtar amach iad i Ráiteas SEA an Phlean seo. Tá na treoirlínte seo curtha i bhfeidhm in Imleabhar 3 den Tuarascáil Timpeallachta um Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MSC).

Forbairtí Cónaithe Inbhuanaithe i gCeantair Uirbeacha - Treoirlínte d’Údaráis Phleanála agus an Lámhleabhar Dearaidh Uirbigh a ghabhann leo: Treoir Dea-Chleachtais (2009) & Ciorclán: NRUP 02/2021.

I gCaibidil 3, Leagann Tithíocht agus Comharsanachtaí Inbhuanaithe, leagtar amach beartais na Comhairle maidir le forbairt chónaithe agus cuirtear na treoirlínte seo san áireamh. Tá caighdeáin agus treoirlínte forbartha cónaithe i gCaibidil 11(b) de réir na dtreoirlínte seo.

Treoirlínte um Forbairt Tithíochta Inbhuanaithe Tuaithe d'Údaráis Phleanála DEHLG (2005)

I gCaibidil 5, Oidhreacht Nádúrtha, Bithéagsúlacht, Áineas agus Taitneamhacht, Cuid 5.7.2 Tailte Talmhaíochta agus i gCaibidil 11 (b), Alt 11.12 Limistéir Thalmhaíochta, tugtar aghaidh ar fhorbairt

chónaithe ar thailte talmhaíochta criosaithe A sa chathair.

Cuideachtaí Eastát Tithíochta/Bainistíochta a Ghlacadh ar Láimh (2006)

Baineann na treoirlínte seo le nósanna imeachta eastáit tithíochta agus cuideachtaí bainistíochta a ghlacadh ar láimh agus mar sin níl siad ábhartha do phróiseas ullmhúcháin an Phlean Forbartha.

Aeróga Teileachumarsáide agus Struchtúir Tacaíochta, (DECLG, Ciorclán PL07/12 2012)

I gCaibidil 9, Comhshaol agus Bonneagar, leagtar amach na beartais maidir le bonneagar teileachumarsáide agus struchtúir ghaolmhara. I gCaibidil 11(b), Alt 17, déantar tagairt shonrach do na treoirlínte seo.

An Córas Pleanála agus Bainistíocht Riosca Tuile - Treoirlínte d'Údaráis Phleanála agus Aguisíní Teicniúla (2009)

Tá Measúnú Straitéiseach Riosca Tuilte (SFRA) déanta ag an gComhairle Cathrach ar na beartais agus na cuspóirí atá sa Phlean seo de réir na dTreoirlínte um Bainistíocht Riosca Tuilte. I gCaibidil 9 Comhshaol agus Bonneagar leagatr amach beartais na Comhairle ar limistéir atá i mbaol tuilte agus déantar tagairt shonrach i gCaibidil 11 (b), Rannán 11.27 Riosca & Measúnú Tuilte do na treoirlínte seo.

Treoirlínte um Chaomhnú Crann DOELG (1994)

I gCaibidil 5, Oidhreacht Nádúrtha, Bithéagsúlacht, Áineas agus Taitneamhacht, leagtar amach beartais na Comhairle maidir le crainn agus coillearnacha sa chathair.

Forbairt Uirbeach agus Airde Foirgníochta - Treoirlínte d’Údaráis Phleanála DPGLG (2018)

Tá na treoirlínte seo curtha i bhfeidhm i gCaibidil 1, Croí-Straitéis, Caibidil 3, Tithíocht agus Comharsanachtaí Inbhuanaithe, Caibidil 8, Oidhreacht Thógtha, Déanamh Áite agus Dearadh Uirbeach agus sa doiciméad tacaíochta Straitéis um Dhlús Uirbeach agus Airde Foirgnimh.

Ciorclán PD 7/09 maidir leis na Rialachán um Scaoileadh Fuíolluisce (Údarú).

I dTuarascáil Timpeallachta an Mheasúnaithe Straitéisigh Timpeallachta (SEA) agus i gCaibidil 9, Comhshaol agus Bonneagar den Phlean seo, tugtar aghaidh ar cheisteanna uisce agus fuíolluisce.

Treoirlínte Forbartha Fuinnimh Gaoithe d'Údaráis Phleanála DEHLG (2006) agus Dréacht-Treoirlínte Athbhreithnithe um Fhorbairt Fuinnimh Gaoithe (2019)

I gCaibidil 9, Comhshaol agus Infrastruchtúr, leagtar amach beartais na Comhairle maidir le foinsí in- athnuaite fuinnimh lena n-áirítear fuinneamh gaoithe. I gCaibidil 11 (b), Alt 11.18, déantar tagairt shonrach do na treoirlínte seo.

 

 

 

Tagairtí