Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029

Dúnta28 Fea, 2022, 9:00am - 13 Aib, 2022, 11:59pm

Primary tabs

An t'Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)

Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029

Cuirimid fáilte roimh d’aighneachtaí 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tar éis Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe a ullmhú don tréimhse 2023-2029. 

Tá tús curtha le céim comhairliúcháin phoiblí an Dréachtphlean agus leanfaidh sé ar aghaidh ó Dé hAoine, 28 Eanáir 2022 go dtí Dé Céadaoin, 13 Aibreán 2022 (na dátaí sin san áireamh). 

Céard é Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029? 

I nDréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029, leagtar amach beartais agus cuspóirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun forbairt inbhuanaithe na Cathrach a threorú thar shaolré an Phlean go 2029. Cuireann an Dréachtphlean creat spásúlachta comhtháite soiléir ar fáil a ullmhaíodh i ndiaidh comhairliúcháin leathain a dhéanamh le baill an phobail, le comhlachtaí reachtúla agus le páirtithe leasmhara ábhartha. 

Áirítear na codanna seo a leanas i nDréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe: 

Comhairliúchán Poiblí 

Tá Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 ar taispeáint go poiblí faoi láthair.

Beidh seisiúin comhairliúchán poiblí ar siúl mar a leanas:

Suíomh / Ionad

Dáta / Am

Harbour Hotel, Na Dugaí, Gaillimh, H91 E9PR

Dé Céadaoin an 9 Márta 2022 /  4pm – 8pm

Maldron Hotel, Bóthar an Ghainimh, Gaillimh, H91 ET6N

Déardaoin an 10 Márta 2022 /   4pm – 8pm

Connacht Hotel, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh, H91 K5DD

Dé Máirt an 15 Márta 2022 /  4pm – 8pm

Clybaun Hotel, Bóthar an Chlaí Bháin, Gaillimh, H91 F62V

Dé Céadaoin an 16 Márta  /  4pm – 8pm

Beidh foireann pleanála ar fáil chun eolas a sholáthar agus chun aon cheisteanna a bhaineann le Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe a phlé.

Clinicí

Reáchtálfar clinicí seachtainiúla duine le duine in Oifig Pleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe gach maidin Dé Máirt go dtí an 13 Aibreán, áit ar féidir leis an bpobal leas a bhaint as cruinniú le ball d’fhoireann an phlean forbartha chun aon ghné den Dréachtphlean Forbartha a phlé. Tá gá le coinní a chur in áirithe roimh ré agus is féidir é a dhéanamh ar líne ag consult.galwaycity.ie nó ar an teileafón ag 091 536599.

Is féidir féachaint ar Dhréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe agus na doiciméid ghaolmhara anseo ar consult.galwaycity.ie

Is féidir féachaint ar chóip chrua de na doiciméid agus léarscáileanna sa Rannóg Pleanála, Comhairle na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8 ach coinne a dhéanamh roimh ré. Cuir glaoch ar 091 536599 chun coinne a dhéanamh. Is féidir féachaint orthu freisin i Leabharlanna Chathair na Gaillimhe le linn a n-uaireanta oscailte. Is féidir cóip chrua a cheannach ón Rannóg Pleanála. Seol ríomhphost chuig devplan@galwaycity.ie

forumAighneachtaí/breithnithe

Is féidir aighneachtaí/breithnithe a dhéanamh mar seo a leanas: 

Ar an leathanach seo

Ar an leathanach seo, thíos ag ‘Conas aighneacht a dhéanamh’ 


Or

Ríomhphost

Trí ríomhphost a sheoladh chuig devplan@galwaycity.ie


Or

I scríbhinn

Trí d’aighneacht/breithniú a sheoladh chuig: An Pleanálaí Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8. 

 

Ná húsáid ach bealach amháin chun aighneacht/breithniú a dhéanamh, i.e. ar líne, tríd an ríomhphost nó trí chóip chrua a chur sa phost. Ba cheart Dréachtphlean Forbartha na Cathrach a lua mar theideal ar d’aighneacht/breithniú agus ba cheart d’ainm, do sheoladh agus, nuair is iomchuí, an comhlacht nó an eagraíocht ar a bhfuil ionadaíocht á déanamh a lua freisin. 

Is é Dé Céadaoin, 13 Aibreán 2022 an dáta deiridh chun aighneachtaí/breithnithe a fháil. 

Cad é an chéad chéim eile?

Déanfar breithniú ar gach aighneacht i scríbhinn. Déanfar athbhreithniú orthu agus leagfar amach moltaí mar fhreagra orthu. Cuirfear iad sin go léir faoi bhráid Bhaill Thofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i bhfoirm thuarascála ón bPríomhfheidhmeannach. Foilseofar do thuairimí anseo ar ár dtairseach pleanála. Beidh tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar fáil ar an tairseach agus ar shuíomh gréasáin na Comhairle freisin. 

Cosaint Sonraí 

Tabhair do d’aire go bhfoilseofar na haighneachtaí/breithnithe bailí go léir a fhaigheann an Chomhairle ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus go mbeidh siad ina gcuid de Thuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh maidir leis na haighneachtaí/breithnithe ar fad a fuarthas. 

Tagann Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi réir cheanglais an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, ceanglais an Achta um Chosaint Sonraí, 2018 agus ceanglais na Rialachán um Shonraí Ginearálta a Chosaint. Ní dhéanfar sonraí a phróiseáil ach amháin i gcomhréir leis an reachtaíocht thuasluaite. Ar an Tairseach seo, is féidir teacht ar an Ráiteas Príobháideachais maidir le haighneachtaí a dhéantar le linn an phróisis comhairliúcháin phoiblí seo a bhainistiú – https://www.galwaycity.ie/raiteas-priobhaideachais

Tá polasaí príobháideachais Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar fáil anseo - https://www.galwaycity.ie/raiteas-priobhaideachais 

 

 

Glac síntiús