Caibidil 5: Oidhreacht Nádúrtha, Áineas agus Taitneamhacht

Dúnta28 Fea, 2022, 9:00am - 13 Aib, 2022, 11:59pm
 

Sustainable Development Goals (SDGs) 3,13,14,15

5.1 Comhthéacs 

Tá éagsúlacht de spásanna oscailte agus sócmhainní nádúrtha sa chathair lena n-áirítear cósta, coillearnacha, aibhneacha, canálacha agus sruthanna. Leis an gcaipiteal nádúrtha seo, cuirtear timpeallacht ardchaighdeáin ar fáil laistigh den chathair. Cuireann sé le carachtar sainiúil na cathrach, tacaíonn sé le comharsanachtaí inbhuanaithe agus cuireann sé le sláinte agus folláine an daonra. Cuireann sé freisin le tarraingteacht na cathrach d’infheistíocht eacnamaíoch agus mar cheann scríbe do chuairteoirí. Soláthraíonn sé raon seirbhísí luachmhara éiceachórais a thacaíonn le bithéagsúlacht, pailniú, caighdeán an uisce agus táirgeadh bia. Cuireann sé feabhas ar sheasmhacht na cathrach i leith athrú aeráide trí bhainistiú tuilte agus ceapadh carbóin agus tá tairbhí tábhachtacha taitneamhachta agus áineasa ag baint leis freisin. 

Aithnítear sa Chreat Náisiúnta Pleanála (NPF) gur féidir le nádúr agus bonneagar glas tairbhí fadtéarmacha a chur ar fáil. Tá gá le cur chuige pleanáilte inbhuanaithe i leith na forbartha chun an bonneagar glas a chosaint agus a fheabhsú, ar chur chuige é trína gcoinnítear luach intreach na sócmhainní nádúrtha agus trína gcinntítear go bhfuil dóthain spáis ghlasa dea-phleanáilte ar cóimhéid le fás daonra agus éileamh.  

Ba fhreagairt ar an meath domhanda san éagsúlacht bhitheolaíoch é an dearbhú éigeandála aeráide agus bithéagsúlachta a rinne an rialtas. Sa Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Náisiúnta 2017-2021 (NBAP) féachtar do dhíghrádú na bithéagsúlachta a cheartú ar fud na tíre trí cheangal a chur ar údaráis phoiblí an bhithéagsúlacht a phríomhshruthú sa chinnteoireacht agus caomhnú agus athchóiriú na bithéagsúlachta a chinntiú. Príomhthiomantas sa NBAP is ea bogadh go leibhéal atá saor ó chaillteanas bithéagsúlachta trí ghníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm lena n-áirítear bearta maolaithe.  D’fhonn cáilíocht spásanna oscailte agus acmhainní nádúrtha na cathrach a chosaint agus chun soláthar a dhéanamh dá mbainistíocht agus feabhsú inbhuanaithe, rinneadh iad a nascadh le chéile i líonra glas.  

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil Caibidil 5 PDF