Réamhrá

Dúnta28 Fea, 2022, 9:00am - 13 Aib, 2022, 11:59pm
 

 

 

I nDréachtphlean Forbartha Cathrach na Gaillimhe 2023-2029, leagtar amach beartais Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le forbairt inbhuanaithe de Chathair na Gaillimhe don tréimhse suas go 2029.  Ullmhaíodh é tar éis comhairliúcháin fhairsing le baill an phobail, comhlachtaí reachtúla agus páirtithe leasmhara ábhartha.  

Ar an 7 Eanáir 202, cuireadh tús leis an bpróiseas chun Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2017-2023 a athbhreithniú agus an Dréachtphlean Forbartha nua a ullmhú le tréimhse comhairliúcháin phoiblí de 8 seachtaine.  Tharla sé seo ag an am céanna le srianta Leibhéal 5 Covid-19 a chuir cosc ar an údarás pleanála aon imeachtaí comhairliúcháin a óstáil. Mar thacaíocht le rannpháirtíocht leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí, bhí foilsiú an Pháipéir Saincheisteanna Straitéiseacha - Ár gCathair, Ár dTodhchaí agus tairseach nua ar líne consult.galwaycity.ie inar tugadh deis do bhaill an phobail rochtain a fháil ar an bpáipéar um shaincheisteanna straitéiseacha, aighneacht a dhéanamh agus aighneachtaí eile a léamh. Cuireadh ar bun seoladh ríomhphoist tiomnaithe - devplan@galwaycity.ie freisin le haghaidh comhfhreagrais. Spreagadh ceisteanna a chur trí ghlaoch teileafóin freisin agus ba chineál luachmhar idirghníomhaíochta iad. D’fhonn an próiseas comhairliúcháin a phoibliú, eisíodh preaseisiúintí dátheangacha chuig asraonta meán áitiúla agus eisíodh sraith fógraí clóite agus raidió le linn an chomhairliúcháin de 8 seachtaine. Cruthaíodh feachtas sna meáin shóisialta ar leathanaigh Twitter agus Facebook de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe mar aon leis an gcruthú de haischlib nua #galwaydevplan chun plé ar líne a cheadú agus thacaigh sé leis an rannpháirtíocht freisin. 

Fuarthas 518 aighneacht i scríbhinn san iomlán tríd an tairseach ar líne, trí r-phost agus tríd an bpost. Ghlac baill den Phlean Forbartha agus den fhoireann Beartais páirt freisin i sraith chruinnithe fíorúla i hallaí baile ar líne a d’eagraigh Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe inar cuimsíodh go carnach tinreamh os cionn 400 rannpháirtí. Áiríodh sa chomhairliúchán freisin ceardlann le daoine óga a d’eagraigh Comhairle na nÓg Chathair na Gaillimhe agus Seirbhís Óige Chathair na Gaillimhe le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. 
Mar chuid den chomhairliúchán poiblí, chíor an Chomhairle Cathrach tuairimí ó níos mó ná 35 údarás forordaithe lena n-áirítear ranna rialtais, Oifig an Rialtóra Pleanála (OPR), Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair (NWRA) agus Comhairle Contae na Gaillimhe. Tionóladh raon cruinnithe comhairliúcháin le príomhpháirtithe leasmhara lena n-áirítear an OPR, Uisce Éireann, an Roinn Oideachais agus Scileanna, Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Údarás Chuan na Gaillimhe agus OÉ Gaillimh. 

Ag an gcomhairliúchán fairsing seo, ardaíodh raon leathan saincheisteanna a bhaineann le forbairt inbhuanaithe na cathrach agus ullmhaíodh Tuarascáil ón bPríomhfheidhmeannach do Chomhaltaí Tofa chun aird a tharraingt ar phointí a ardaíodh sa chomhairliúchán poiblí a measadh a bheith ábhartha don straitéis fhoriomlán d’fhorbairt na cathrach; chun moltaí beartais agus an struchtúr leathan beartais a sholáthar don Dréachtphlean. Ullmhaíodh an Dréachtphlean Forbartha seo tar éis breithniú a dhéanamh ar Thuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh agus ar mholtaí beartais ó Chomhaltaí Tofa.  
 

Leanúint ar aghaidh ag léamh: Íoslódáil PDF