Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe

Dúnta1 Nol, 2023, 1:33pm - 1 Nol, 2023, 2:39pm

Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe

Is cáin í an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe (CTCC) atá dírithe ar thalamh seirbhísithe agus criosaithe cónaithe a ghníomhachtú le haghaidh tithíochta. Tá údaráis áitiúla freagrach as an talamh atá faoi réir CTCC a aithint.

Réamhrá

Tugadh an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Is é cuspóir na cánach talamh a chur i ngníomh a ndéantar seirbhísiú agus criosú air le haghaidh úsáid chónaitheach nó úsáid mheasctha, lena n-áirítear úsáid chónaitheach, chun soláthar tithíochta a mhéadú agus chun athghiniúint tailte folamh agus díomhaoine i gceantair uirbeacha a áirithiú. Aithníodh na limistéir seo laistigh de phleananna úsáide talún mar láithreacha cuí le haghaidh tithíochta agus bhain siad tairbhe as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le soláthar tithíochta. 

  • Tá údaráis áitiúla freagrach as an talamh atá faoi réir Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe a aithint. 
  • Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a riarann Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe.

Talamh atá faoi réir CTCC

Tugann na húdaráis áitiúla faoin bpróiseas chun talamh atá faoi réir CTCC a aithint agus a mhapáil gach bliain.

Mar chuid den phróiseas mapála tosaigh, d’fhoilsigh údaráis áitiúla dréacht-léarscáileanna agus léarscáileanna forlíontacha agus thug siad deis d’úinéirí talún, agus do dhaoine eile, aighneachtaí a dhéanamh ar na léarscáileanna seo. D’fhéadfadh aighneachtaí ó úinéirí talún agóid a dhéanamh maidir lena gcuid talún a chur san áireamh ar léarscáil, an dáta a chomhlíon an talamh na critéir ábhartha den chéad uair, nó d’fhéadfaidís iarracht a dhéanamh an talamh a athchriosú.

Tá léarscáil dheiridh CTCC an  le haghaidh 2024 ar fáil anois anseo https://experience.arcgis.com/experience/e76557d46b904c68bc630bfa090f7524/

Áirítear ar an léarscáil tailte a chomhlíonann na critéir chuí le bheith ar an léarscáil mar atá leagtha amach sa reachtaíocht reatha.

Líon Iomlán na Heicteár 1133.9ha

Ní léirítear ar an léarscáil deiridh cinntí achomhairc ná cinntí maidir le hathbhreithniú breithiúnach a rinneadh tar éis an 1 Samhain 2023 maidir le talamh a sainaithníodh ar na dréacht-léarscáileanna nó ar na léarscáileanna forlíontacha a foilsíodh i mí na Samhna 2022 agus i mí na Bealtaine 2023, faoi seach.  I gcás ina ndéanfar na cinntí sin faoin 1 Eanáir 2024, léireofar iad ar an dréacht-léarscáil chríochnaitheach athbhreithnithe le haghaidh 2025 – féach thíos.  Foilseofar an léarscáil deiridh athbhreithnithe faoin 31 Eanáir ó 2025 ar aghaidh.

Gearrfar Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe go bliantúil ón 1 Feabhra 2025 ar aghaidh (faoi réir an Bhille Airgeadais (Uimh.2) 2023 a rith). Beidh an cháin á riar ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh ar úinéirí talún clárú don cháin – tá tuilleadh eolais maidir le riarachán na cánach ag na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil anseo 

Aighneachtaí a dhéanamh ar an léarscáil CTCC

Níl aon deis aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh a shainaithnítear ar an léarscáil deiridh a foilsíodh an 1 Nollaig 2023. 

Beidh deis ann aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an dréacht-léarscáil chríochnaitheach athbhreithnithe le haghaidh 2025 le linn 2024.

Foilseofar dréacht-léarscáil CTCC deiridh athbhreithnithe le haghaidh 2025 faoin 1 Feabhra 2024.

Áireofar ar an dréacht-léarscáil CTCC deiridh athbhreithnithe le haghaidh 2025 talamh a mheasann an t-údarás áitiúil a bheith faoi raon feidhme na cánach, a bhféadfadh talamh atá sainaitheanta cheana féin ar léarscáil deiridh 2024, arna fhoilsiú faoin 1 Nollaig 2023, a bheith san áireamh ann. Léireofar leis an dréacht-léarscáil chríochnaitheach athbhreithnithe aon athrú reachtach, criosaithe nó seirbhísithe agus aon toradh achomhairc nó athbhreithnithe, amhail ón 1 Eanáir 2024.

Is féidir le haighneachtaí agóid a dhéanamh i gcoinne talamh a áireamh nó a eisiamh ar an dréacht-léarscáil chríochnaitheach athbhreithnithe do 2025 bunaithe ar na critéir ábhartha. Ina theannta sin, is féidir le húinéirí talún iarratais athchriosaithe a dhéanamh ar an léarscáil.

Maoin chónaithe

Tabhair faoi deara, le do thoil, cé go bhfuil siad san áireamh ar an léarscáil, nach bhfuil maoin chónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil. Ní gá aighneacht a dhéanamh chun an cineál seo maoine cónaithe a bhaint den léarscáil.

Tuilleadh faisnéise

Is féidir teacht ar an reachtaíocht atá mar bhuntaca leis an CTCC ag Cuid 22A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. Is féidir treoir maidir le riarachán na cánach a fháil https://revenue.ie/en/property/residential-zoned-land/index.aspx