The consultation
An comhairliúchán
Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe tús an 7 Eanáir 2021 le hathbhreithniú ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2017-2023 atá i bhfeidhm faoi láthair agus ar phlean forbartha nua a ullmhú don tréimhse 2023-2029. Ba é an dáta deiridh d’aighneachtaí faoi Chéim 1 - Comhairliúchán Poiblí ar an Réamh-Dhréachtphlean, Dé hAoine, an 5 Márta 2021.
Your views and suggestions
Do dhearcthaí agus moltaí
Fuarthas 518 aighneacht, ar an iomlán, i rith thréimhse chomhairliúcháin phoiblí Chéim 1 – an Réamh-Dhréachtphlean.
Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa chomhairliúchán agus a chuir a ndearcthaí in iúl.
Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar Phróiseas Comhairliúcháin an Réamh-Dhréachtphlean
Outcomes
Torthaí
Ullmhaíodh Tuarascáil Phríomhfheidhmeannaigh ar thoradh an phróisis chomhairliúcháin do na Baill Thofa.
Cad é an chéad rud eile a tharlóidh?
Tugtar tréimhse 10 seachtaine do na Baill Thofa anois chun breithniú a dhéanamh ar Thuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh. Tá súil leis go gcríochnófar an próiseas seo faoi thráth luath in Iúil 2021.