Á gCathair, Á dtodhchaí, Abair do chuid!

Dúnta7 Ean, 2021, 9:00am - 5 Már, 2021, 11:59pm

Primary tabs

 

Fáiltímid roimh d’aighneachtaí

 

Tá athbhreithniú tosaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar Phlean Forbartha reatha Chathair na Gaillimhe 2017-2023 chomh maith le hullmhú do Phlean Forbartha Cathrach nua don tréimhse 2023-2029.

Tá an chéim chomhairliúcháin Réamhdhréachta tosaithe agus mairfidh sí ar feadh tréimhse 8 seachtainí ó Déardaoin an 7 Eanáir 2021 go dtí Dé hAoine an 5 Márta 2021 (an dá lá sin san áireamh).

Tugtar cuireadh don phobal agus do pháirtithe leasmhara a bheith páirteach sa phróiseas le cabhrú chun cuspóirí agus beartais a fhorbairt chun ár gcathair a fhorbairt agus a fhás. Tugtar deis sa phróiseas seo chun scrúdú a dhéanamh ar fhís agus beartas an phlean forbartha reatha agus chun plean nua a chur chun cinn a threoróidh fás amach anseo na Cathrach chuig 2029 agus san fhadtéarma, ar bhealach a bheidh inbhuanaithe agus cuimsitheach do gach duine.

Céard is Plean Forbartha Cathrach ann?

Leagtar amach sa Phlean Forbartha Cathrach straitéis foriomlán i gcomhair pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe Chathair na Gaillimhe.  Feidhmíonn an Plean mar threoirphlean i gcomhair forbairt na cathrach ó thaobh fisiciúil, eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil ar feadh tréimhse 6 bliana.

Cén chaoi a mbeidh mo smaointe agus mo thuairimí mar bhuntaca leis an bPlean?

Cuirfidh do thuairimí cruth ar an treo a ghabhfaidh an Plean Forbartha. Déanfar athbhreithniú agus achoimre ar d’aighneachtaí, agus déanfar moltaí mar fhreagra orthu. Cuirfear é seo os comhair na gComhairleoirí i bhfoirm tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh. Foilseofar do thuairimí anseo ar ár dtairseach pleanála.  Cuirfear tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin na Comhairle.

Comhairliúchán Poiblí

Tá comhairliúchán poiblí ina chuid tábhachtach den phróiseas. Reáchtálfar an chéim chomhairliúcháin phoiblí seo roimh an dréachtphlean idir Déardaoin an 7 Eanáir 2021 agus Dé hAoine an 5 Márta 2021 (an dá lá sin san áireamh). 

Le bheith mar bhuntaca leis an bpróiseas seo, ullmhaíodh páipéar saincheisteanna straitéiseacha. Tá sé ar fáil:

  • Ar an leathanach seo sa rannóg ábhar
  • Trí choinne a dhéanamh ag an Rannóg Pleanála. Glaoigh ar 091 536599
  • Tá cóip chrua ar fáil freisin ar iarratas ón Rannóg Pleanála. Seol ríomhphost chuig devplan@galwaycity.ie.

Beidh sonraí maidir le tuilleadh rannpháirtíochta a tharlóidh i rith an phróisis chomhairliúcháin ar fáil ar an leathanach seo, ar shuíomh gréasáin agus ar mheáin shóisialta na comhairle cathrach.

Aighneachtaí / breithnithe

Tá aighneachtaí/breithnithe maidir leis an athbhreithniú ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe reatha 2017-2023 agus ullmhú Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe nua 2023-2029 agus / nó an próiseas Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (SEA) / Measúnú Cuí (AA) á lorg ó bhaill an phobail agus ó pháirtithe leasmhara eile. 

Dírítear sa chéim seo den phróiseas ar shaincheisteanna straitéiseacha le cabhrú chun creat a chur ar threo ginearálta an chéad Phlean Forbartha Cathrach eile. Sa chomhthéacs seo, ní féidir breith a dhéanamh ar thograí ná ar iarratais maidir le criosú tailte áirithe. Beidh deis ann aighneachtaí a dhéanamh níos deireanaí sa phróiseas, lena n-áirítear aighneachtaí maidir le criosú.

Spreagaimid an oiread daoine, grúpaí pobail, agus páirtithe leasmhara agus is féidir chun aighneacht/breithniú a dhéanamh. Spreagtar go háirithe leanaí, nó grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar son leasa leanaí, le páirt a ghlacadh.

Is féidir aighneachtaí/breithnithe a dhéanamh trí:

Ar an leathanach seo
Cuir aighneacht isteach
Trí ríomhphost chuig
devplan@galwaycity.ie
Tríd an aighneacht/breithniú a phostáil chuig
An Pleanálaí Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8.

Ná déan aighneacht/breithniú ach ar bhealach amháin le do thoil i.e. ar líne, trí ríomhphost nó trí chóip chrua ar an bpost. Ba cheart go mbeadh Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha mar theideal ar aighneachtaí / breithnithe agus ba cheart go mbeadh d’ainm, seoladh agus nuair is cuí an comhlacht nó eagraíocht a bhfuil ionadaíocht á déanamh agat ar a son le haon aighneacht nó breithniú.

Is é Dé hAoine an 5 Márta 2021 an dáta deiridh chun aighneachtaí / breithnithe a chur isteach.

Cuirfear san áireamh gach aighneacht /breithniú a chuirtear isteach laistigh den tréimhse chomhairliúcháin thuas agus an Plean Forbartha Cathrach nua á ullmhú. Tabhair faoi deara nach féidir breith a dhéanamh ar aighneachtaí /breithnithe atá deireanach. 

Dá mba mhaith leat tuilleadh rannpháirtíochta a bheith agat sa chomhairliúchán poiblí seo, déan teagmháil le Foireann an Phlean Forbartha:

  devplan@galwaycity.ie
  091 536599

Mar gheall ar an bpaindéim reatha agus na riachtanais le cloí le prótacail um shláinte phoiblí, d’fhéadfadh srian a bheith ar chruinnithe duine le duine. Ar mhaithe le sábháilteacht an phobail agus na foirne, iarrann an Chomhairle Cathrach go gcloítear leis na srianta atá i bhfeidhm i gcás go ndéantar coinne duine le duine.

Cosaint Sonraí 

Tabhair faoi deara go bhfoilseofar gach aighneacht/breithniú bailí a fhaigheann an Chomhairle ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus go mbeidh siad mar chuid de Thuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh maidir le haighneachtaí/breithnithe a fuarthas agus tagrófar dóibh / áireofar iad i miontuairiscí chruinnithe na Comhairle.

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi réir riachtanas an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, an Achta um Chosaint Sonraí 2018, agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Ní phróiseálfar sonraí ach de réir na reachtaíochta thuasluaite. Is féidir teacht ar an Ráiteas Príobháideachais maidir le bainistíocht aighneachtaí a dhéantar i rith an phróisis chomhairliúcháin phoiblí seo anseo ar an Tairseach seo

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi réir riachtanas an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, an Achta um Chosaint Sonraí 2018, agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Ní phróiseálfar sonraí ach de réir na reachtaíochta thuasluaite. Is féidir teacht ar an Ráiteas Príobháideachais maidir le bainistíocht aighneachtaí a dhéantar i rith an phróisis chomhairliúcháin phoiblí seo anseo ar an Tairseach seo – https://www.galwaycity.ie/planning-privacy-statement Tá beartas príobháideachais Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar fáil anseo - https://www.galwaycity.ie/privacy-policy

 

Téamaí

Population, Growth and Housing
Economic Development, Employment and Enterprise
Transport and Sustainable Mobility
Built Environment and Placemaking
Sustainable Neighbourhoods
Green Network and Biodiversity
Climate Action
Community, Culture and Education
Energy and Infrastructure
Environmental Assessments
Ginearálta
Glac síntiús