Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 Athruithe Ábhair atá Beartaithe

Dúnta8 M.F., 2022, 9:00am - 6 D.F., 2022, 4:00pm

Primary tabs

Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029
Athruithe
Ábhair atá Beartaithe

 

Breithníodh Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029, na measúnuithe comhshaoil gaolmhara (Tuarascáil Straitéiseach um Measúnú Comhshaoil, Tuarascáil Tionchair Natura agus Measúnú Straitéiseach ar Riosca Tuilte) agus Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar aighneachtaí a fuarthas le linn chéim chomhairliúcháin an Dréachtphlean ag cruinnithe na Comhairle a tionóladh an 4 Iúil 2022, 6 Iúil 2022, 8 Iúil 2022,  13 Iúil 2022, 15 Iúil 2022, 18 Iúil 2022, 20 Iúil 2022, 21 Iúil 2022, 22 Iúil 2022.

Tar éis breithniú a dhéanamh, chinn Comhaltaí na Comhairle trí rún gur cheart an dréachtphlean forbartha a leasú. San iomlán deimhníodh 184 athrú ábhartha ar an dréachtphlean.

Faoi fhorálacha an Achta Pleanála 2000 arna leasú, ceanglaítear na hathruithe ábhartha atá beartaithe a chur ar taispeáint go poiblí ar feadh tréimhse nach lú ná 4 seachtaine, ón Déardaoin, an 8 Meán Fómhair 2022 go dtí Déardaoin, an 6 Deireadh Fómhair 2022, san áireamh.   Fáilteofar roimh aighneachtaí/tuairimí ón bpobal le linn na tréimhse seo.

Athruithe Ábhair Beartaithe

Sonraítear sa Tuarascáil um Athruithe Ábhair na hathruithe ábhartha atá beartaithe ar ráiteas agus léarscáileanna scríofa Dhréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe. Ba chóir an tuarascáil seo a léamh i gcomhar le Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029.

Tá na hAthruithe Ábhair Beartaithe ar Dhréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029, léarscáileanna a ghabhann leis agus measúnuithe timpeallachta gaolmhara ar fáil lena n-iniúchadh ón Déardaoin 8 Meán Fómhair go dtí Déardaoin an 6 Deireadh Fómhair 2022, san áireamh. Tá cóipeanna de na doiciméid ar fáil le feiceáil ar líne ag consult.galwaycity.ie agus www.galwaycity.ie  agus ag na háiteanna seo a leanas le linn gnáthuaireanta oscailte:

  • An Oifig Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh,
  • Leabharlann Chathair na Gaillimhe
  • Leabharlann an Taoibh Thiar
  • Leabharlann an Bhaile Bháin

Mar chuid den chomhairliúchán poiblí, tá Foireann an Phlean Forbartha ar fáil chun aon ghné de na hAthruithe Ábhartha Beartaithe ar an Dréachtphlean a phlé, trí choinne a dhéanamh. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo trí ríomhphost - devplan@galwaycity.ie  nó ar an bhfón - 091 536599.

Déan aighneachtaí/tuairimí i scríbhinn

Maidir le haighneachtaí nó tuairimí i ndáil leis na hathruithe ábhartha atá beartaithe ar an Dréacht-

Phlean Forbartha (lena n-áirítear aguisín le Tuarascáil Chomhshaoil SEA, Tuarascáil leasaithe um Thionchar agus SFRA) ní mór iad a dhéanamh i scríbhinn faoi 4pm Dé Déardaoin an 6 Deireadh Fómhair 2022.

Ba cheart go mbeadh teideal Proposed Material Alterations to Draft Galway City Development Plan 2023-2029/Athruithe Ábhair atá Beartaithe ar Dhréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe ag aighneachtaí/tuairimí agus ba cheart go léireofaí an uimhir thagartha ábhartha a léirítear i dTuarascáil um Athruithe Ábhartha.  Ba cheart go luafaí in aighneachtaí d'ainm, do sheoladh agus nuair is cuí, an comhlacht nó an eagraíocht a ndearnadh ionadaíocht dó. Déan d'aighneacht/tuairim i bhfoirm amháin i.e. ar líne, trí ríomhphost nó trí chóip chrua tríd an bpost.

Ba chóir a thabhairt faoi deara nach féidir ach aighneachtaí/tuairimí a bhaineann leis na hathruithe ábhair atá beartaithe ar an Dréachtphlean Forbartha a chur san áireamh ag an gcéim seo de phróiseas déanta an Phlean Forbartha agus nach féidir aighneachtaí/tuairimí a ardaíonn saincheisteanna seachas na hathruithe ábhair atá beartaithe a mheas.

Na chéad chéimeanna eile de phróiseas an Phlean Forbartha

Tar éis na tréimhse comhairliúcháin phoiblí maidir leis na hathruithe ábhartha atá beartaithe, ullmhóidh an Príomhfheidhmeannach tuarascáil maidir leis na haighneachtaí/tuairimí scríofa a fhaightear. Cosúil le Tuarascálacha an Phríomhfheidhmeannaigh roimhe seo liostóidh sé seo na daoine/comhlachtaí a rinne aighneachtaí/tuairimí, déanfar achoimre ar na saincheisteanna a ardaíodh agus tabharfar freagra agus moladh an Phríomhfheidhmeannaigh.

Déanfaidh Comhaltaí na Comhairle breithniú ansin ar na hathruithe ábhair atá beartaithe, ar na measúnuithe comhshaoil agus ar Thuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh. Ag leanúint as seo déanfaidh siad an Plean Forbartha don Chathair leis an athrú ábhair atá beartaithe nó gan é. Ag an gcéim seo ní féidir aon mhodhnú ar athrú ábhair beartaithe a dhéanamh ach amháin sa chás nach bhfuil sé suntasach ó thaobh an nádúir de agus nach mbeadh éifeachtaí suntasacha aige ar an gcomhshaol ná nach mbeadh drochthionchar aige ar shláine Láithreáin Eorpaigh. Ní féidir modhnú a dhéanamh i gcás ina mbaineann sé le méadú ar an limistéar talún atá criosaithe chun aon chríche nó i gcás ina mbaineann sé le breisiú nó scriosadh ón taifead ar dhéanmhais chosanta.

Meastar go nglacfar le Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 deiridh ag Baill den Chomhairle Cathrach i mí na Samhna/Mí na Nollag 2022. Tiocfaidh an plean nua i bhfeidhm laistigh de 6 seachtaine ó glacadh leis.

Cosaint sonraí

Please note that all valid submissions/observations received by the Council will be published on the Galway City Council website and will form part of the Chief Executive’s Report on submissions/observations received. Galway City Council is subject to the requirements of the Freedom of Information Act, 2014, the Data Protection  Act,  2018  and to the  General  Data  Protection  Regulations  (GDPR). Data will only be processed in  accordance  with the   aforementioned  legislation. The   Privacy   Statement   for   the management of submissions made during this public consultation process can be found here on this Portal – https://www.galwaycity.ie/planning-privacy-statement 

Galway City Council’s privacy policy is available here - https://www.galwaycity.ie/privacy-policy.

Téamaí

Proposed Material Alterations Report
Environmental Assessments
Land use zoning map
Glac síntiús